An tIriseoir Vitaly Kovalchuk ag caint le
@Curraighin
ó Mhoscó anocht ar 7LÁ
"Tá Vladimir Putin i gcumhacht le breis agus fiche bliain agus ní féidir linn agus le daoine a rá céard atá ar a intinn"
“Cad ina thaobh a mbímid ag plé le cúrsaí plean teanga? Muna bhfuil cead ag muintir na Gaeltachta maireachtaint sa Ghaeltacht, airgead amú is ea é sin ar fad," a deir Breandán Ó Beaglaoich.
@eamonocuiv
@mairinnighadhra
#OnaS23
"Ná cuir an milleán ar an mac léinn nach bhfuil an caighdeán Gaeilge sách ard aige, ní raibh sé ag an múinteoir sa gcéad dul síos."
@noritagoretti
@mairinnighadhra
"Glaodh an focal 'n' ormsa nuair a bhí mé díreach naoi mbliana d'aois agus thuig mé cad a bhí i gceist leis. Tá a fhios ag páistí faoi chiníochas agus tá sé tábhachtach labhairt leo faoi."
@olamajekodunmi1
ar 7LÁ anocht.
"Deistíneach, samhnasach agus tá sé lofa. Tá díoma ollmhór orainn"
@cnichorrain
ón
@dreamdearg
ag caint le
@mairinnighadhra
faoi scéal nach mbeidh reachtaíocht don Ghaeilge a thabhairt isteach in Westminister roimh thoghchán Stormont, mar a ghealladh.
Tá ceantair thuaithe faoi bhrú le tamall de bhlianta in Éirinn. Siopaí, oifigí poist, tithe tábhairne & stáisiúin Gardaí ag dúnadh, daoine óga ag fágáil. Conas ar thárla a leithéid? Cad tá i ndán go pharóistí tuaithe na tíre? Tuairisc
@Buailtin
do 7LÁ
@TG4TV
@RTERnaG
Bhí léirsiú ag Meitheal Náisiúnta Pleanála Teanga lasmuigh de Theach Laighean agus i mbaile an Daingin in Iarthar Duibhneach inniu chun aird a tarraingt ar an nGéarchéim Tithíochta atá ag dul in olcas i gceantair Ghaeltachta na tíre.
@CnaG
"Tá an Ghaolainn ag fáil bháis ins sna Gaeltachtaí agus ní go nádúrtha, ach tá siad á mharú ag na rialacha so" a dúirt Breanndán Ó Beaglaoich
@TTuaithe
le
@mairinnighadhra
'Ní mór don aos polaitiúil seasamh go láidir leis na hiarrachtaí atá ar bun ag lucht pleanála teanga leis an nGaeilge a thabhairt slán mar theanga pobail' - teachtaireacht a thabharfaidh Ciarán Mac Giolla Bhéinn don Chomhchoiste Oireachtais amárach
"Gan é, bheadh go leor daoine nach gcloiseadh iomra ar an Ghaeilge."
- Clíodhna Ní Mhianáin ó Charn Tóchair ag trácht ar thábhacht
@RTERnaG
agus 50 bliain a bhunaithe ann i mbliana.
"Ní thuigim cén fáth go bhfuil cúrsaí pá don fhoireann ag Raidió na Gaeltachta difriúil do lucht RTÉ. Caithfidh cothromaíocht a bheith ann & ní dóigh liom go bhfuil sé ceart faoi láthair"
@padraigoceidigh
i mbun cainte le
@mairinnighadhra
ar
#7L
Á
Bí linn do 7LÁ Dé Máirt ag 8pm ar
@TG4TV
An bhfuil ciníochas beo in Éirinn agus cé chomh forleathan agus atá sé, inseoidh beirt deartháireacha a tógadh i gConamara a scéal pearsanta féin faoin méid a d’fhulaing siad & iad ag fás aníos.
@AMaoileoin
@mairinnighadhra
@olamajekodunmi1
'Tá fáilte romhainn in Éirinn, mothaímse é ach tá deacracht le tithe in Éirinn agus beidh sé níos deacra fós nuair a thiocfaidh ná mílte Úcránach eile'
@NadiaDobryanska
"An rud is mó ná nach bhfuil athrú tagtha sa bhille seo ar an méid atá againn sa chóras reatha agus is léir dúinn ar fad nach bhfuil an córas reatha ag feidhmiú mar is ceart do mhuintir na Gaeltachta"
@CnaG
@roiseeen
ar 7LÁ
#Tith
íocht
#Gaeltacht
"Níl suim agam ar chor ar bith i maslaí pearsanta. Tá jab le déanamh agamsa agus déanfaidh mé é, lánstad, agus ba chuma liom cad atá le rá ag Leo Varadkar."
@MaryLouMcDonald
ag labhairt le 7LÁ anocht ar an easaontas leis an Taoiseach an tseachtain seo caite.
"Tá éagóir a dhéanfaidh ar mhuintir na Gaeltachta faoi láthair & ar an dream óg & tá sé sin le feiceáil mar go bhfuil siad uile ag imeacht thar sáile & ag feiceáil go bhfuil an saol i bhfad níos éasca thall ann"
Adhna Ní Bhraonáin ag caint le
@mairinnighadhra
ar
#7L
Á
"Tá cainteoirí maithe Gaeilge againn ag teacht amach as na scoileanna ach níl aon áit le dul acu dá gcleachtadh a dhéanamh taobh amuigh den méid ag an Oireachtas nó imeachtaí a chuireann Tuismitheoirí na Gaeltachta ar fáil." - Mícheál S Mac Donnacha
@CoggOid
#Gaeltacht
#OnaS23
"Cur i gcéill atá go leor den tseafóid go dtacaíonn RTÉ le RnaG . Is 'poor relation' é Raidió na Gaeltachta anois, sop in áit na scuaibe agus cuireann sé cantal orm" -
@noritagoretti
agus Gearóid Mac Donncha, Ceannasaí
@RTERnaG
ag caint le
@beirni
"Mo mhacasamhail - btta mhaith liomsa bogadh abhaile taobh istigh de deich mbliana ach tá sé deacair é sin a dhéanamh nuair nach bhfuil muid ábalta tithe a cheannach nó pleanáil a fháil."
#V
óta2024
Ní thuigtear 'go bhfuil daoine amuigh ansin go bhfuil Gaeilge níos fearr acu ná atá Béarla acu agus atá ag iarraidh an t-eolas sin agus atá in ann an t-eolas sin a thuiscint i bhfad níos fearr nuair is i nGaeilge atá sé'
@Farrell_Mairead
@mairinnighadhra
'Cén sórt Éire aontaithe atá uainn agus cé mar a chuirfear i gcrích é?' Mórcheisteanna 2022 faoi chaibidil ag
@CMacCoille
@SorchaNiR
agus Ciarán Ó Pronntaigh
Tá géarchéim spáis chomh dona anois ag
@ColaisteFeirste
agus go bhfuil ranganna dá reáchtáil i seomraí foirne agus seomraí aclaíochta.
Níl aon ghaelcholáiste lán Ghaeilge eile ag freastal ar chathair Bhéal Feirste.
@mairinnighadhra
Comhghairdeas lenár n-iriseoir
@Curraighin
atá ainmnithe ar an ngearrliosta do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2019 mar Iriseoir na Bliana. Seo tuairisc Shane do 7LÁ ar Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta i nDún na nGall
@OirnaGaeilge
@TG4TV
@NuachtTG4
“Tá easpa tuisceana iomlán ag an rialtas go bhfuil cúrsaí tithíochta agus cúrsaí teanga fite fuaite lena chéile sa Ghaeltacht.”
@catherinegalway
7LÁ Beo ó
#OnaS23
curtha i láthair ag
@mairinnighadhra
Ar rud is tábhachtaí ná duine go bhfuil suim acu sa nGaeilge agus sa nGaeltacht, agus duine éigin le Gaeilge, tá sé sin fíor tábhachtach a dúirt
@Farrell_Mairead
le
@mairinnighadhra
ar 7LÁ
Ceist faoin gcaighdeán Gaeilge atá ag múinteoirí nuacháilithe ardaithe ag Príomhoide Gaelscoil Pheig Sayers Adrian Breathnach i gCorcaigh.
#Gaeilge
@gspeigsayers
@GaelTaca
"An-chuid pleananna, an-chuid moltaí maithe – ach is fíorbheagán a cuireadh i bhfeidhm." - Muireann Ní Mhóráin
An bhfuil an Roinn Oideachais dáiríre faoi dhul i ngleic leis na fadbhanna atá ann i scoileanna ó thaobh na Gaeilge de?
@mairinnighadhra
#7L
Á
@TG4TV
"Eagla" ar mo thuismitheoirí an Úcráin a fhágáil agus aithne agam ar "mhórán daoine" atá ag cuidiú leis an arm -
@NadiaDobryanska
ag caint le
@mairinnighadhra
ón Úcráin
Tuairisc
@Buailtin
do 7LÁ le Breandán Mac Gearailt, Malachaí Mac Amhlaoibh agus Mícheál Ó hUanacháin
#Gaeltacht
Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta - Corca Dhuibhne
@NuachtTG4
@TG4TV
Tá oifigigh phleanála teanga ag lorg athbhreithniú neamhspleách ar dhul chun ar na pleananna teanga sa Ghaeltacht.
#Gaeltacht
#Gaeilge
#Pobal
Tuairisc
@meabhnit
do 7LÁ
"Tá córais éagsúla briste anseo ó thuaidh...tá muidinne ag iarraidh an DUP a spreagadh go dtiocfaidh siad ar ais láithreach [agus] go mbeidh athbhunú déanta ar na hinstitiúidí láithreach."
- Comhairleoir nuathofa
@sinnfeinireland
@MaighreadNiChon
Tá pobal na Gaeilge ag fanacht ar feadh 20 bliain ar reachtaíocht a bheas ar leas na teanga a dúirt Uachtarán
@CnaG
@NiallComer
le Beirní Ní Chuínn
#achtanois
"Bíonn eitleáin agus héileacaptair mhíleata ag eitilt gar dúinn agus ag troid sa spéir ach faoi láthair tá muid sábhailte go leor" -
@NadiaDobryanska
ag labhair le
@mairinnighadhra
ar 7lá anocht
"Cén seans atá ag mo leithéidse áit chónaitheach a fháil anseo sna blianta amach anseo agus nach mbeidh feidhm orainn dul ar an bhád bhán mar atá go leor daoine ag déanamh?"
-Clíona Ní Ghallachóir
#V
óta2024
"An fáth go bhfuil muid ag teacht amach ar na sráideanna amárach ná go bhfuil an pobal bréan do na gealltanais nach bhfuil á comhlíonadh ag an Roinn Oideachas" a dúirt
@juleser1
ó
@CnaG
le
@mairinnighadhra
#Gaeilge4All
An bhfuil imní ann go gcuirfidh an DUP, trí na haireachtaí oideachais agus pobal nua, constaicí ann arís i dtaobh na Gaeilge de?
@Curraighin
"Tá leoga. Níl aon fhianaise againn gur athraigh an DUP an port nó an cur chuige maidir le cúrsaí Gaeilge."
@crogallmorglas
#7L
Á
@TG4TV
"Tá sé in am anois scéim nua labhairt na Gaeilge a thabhairt isteach...sin an feachtas feasachta is mór a d'fhéadfaí a chur ar bun sa Ghaeltacht le tuismitheoirí a mhealladh"
@SorchaNiCh
@tuismitheoiri
ag caint le @
@mairinnighadhra
'Ní féidir le coistí deonach atá ag fáil 80,000 in aghaidh na bliana, níl siad in ann iachall a chur ar an státseirbhís labhairt i nGaeilge le muintir na Gaeltachta' a dúirt
@Farrell_Mairead
le
@mairinnighadhra
Tá mic léinn & daoine óga ag fágáil na Gaeltachtaí & ag dul chuig coláistí 3ú leibhéal & ag baint cáilíochtaí arda amach ach níl na deiseanna ann dóibh filleadh abhaile a dúirt Clíona Ní Ghallachóir le
@mairinnighadhra
ar 7LÁ anocht
#OnaS2020
#Gaeltacht
"Bhí sé soiléir luath sa chruinniú inniu go raibh
@ConorBurnsUK
sásta cúlú ar a ghealltanas agus ní raibh an darna rogha againn ach deireadh a chur leis... -
@Conchur91
@CnaG
Agallamh le Fíona Uí Uiginn ó
@Gaeloid
maidir leis an anailís agus moltaí atá déanta acu ar son
@CnaG
faoi dhréachtsonraíochtaí Curaclaim Gaeilge na hArdteistiméireachta T1 agus T2.
Eolas faighte ag 7Lá faoin Acht um Shaoráil Faisnéise a léiríonn an easpa dul chun cinn ar pholasaí pleanála don Ghaeltacht agus na heasnaimh sna treoirlínte atá ann faoi láthair.
Tuairisc
@Curraighin
do 7LÁ
@CnaG
@TTuaithe
@Fhlannchadha
@HannahRua
An fhadhb is mó atá againn ná nach bhfuil plean uile-Éireann againn in aghaidh Covid-19, a dúirt
@MaryLouMcDonald
ar 7LÁ anocht, agus go gcaithfidh an rialtas i mBaile Átha Cliath agus an rialtas i mBéal Feirste a bheith ag obair le chéile gach lá.
@sinnfeinireland
#Covid19
"Éagórach ar fad ar fad a bheith ag iarraidh ar dhream áitiúil ar bheagán airgid agus ar bheagán acmhainní pobal iomlán a shlánú" - An tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh ag labhairt ar
@7L
ÁTG4
#Gaeltacht
#CeartaSibhialta
“Tuigeann gach éinne, nuair a labhraíonn na Stáit Aontaithe faoi chearta daonna, nach bhfuil aon mhíniú leis na focail sin nuair atá scrios, marú agus easpa dlí le feiceáil i nGaza.”
“Caillimid uilig” le vóta Mheiriceá i gcoinne rúin ar shos cogaidh UN, a deir
@NiAolainF
#7L
Á
Tá glactha ag an Rialtas le scéim chúitimh ar fiú €2.7 billiún euro é d'úinéirí tithe atá buailte ag míoca. Imní nach dtabharfar faoi ghrinnscrúdú réamhreachtach ar Scéim na mBricí Lochtacha
Tuairisc
@Curraighin
do 7LÁ
@micaactiongroup
Dhá theach as gach cúig cinn atá folamh i Leitir Mealláin de réir suirbhé nua pobail.
Le titim dhaonra i gceann de na ceantair labhartha Gaeilge is láidre sa tír, tá achainí á ndéanamh go gcuirfí tithe folmha ar fáil do theaghlaigh ar mian leo cónaí sa cheantar.
@TG4TV
8pm
Deir Ceannaire
@sinnfeinireland
nach bhfuil aon rud radachach faoi pholasaithe an pháirtí 'teach a bheith ag gach clann' agus 'córas sláinte láidir' a bheith ann.
"Bhí aisling agam teacht abhaile agus teach a thógáil le taobh mo thuismitheoirí...scriosadh an aisling sin."
- Fadhb na tithíochta sa Ghaeltacht |
@TG4TV
Déardaoin 7pm. Beo ó
#OnaS23
@mairinnighadhra
@meithealnpt
Mar ar féidir leis an stát chumarsáid bhunúsach a dhéanamh leis an bpobal i nGaeilge le linn géarchéime sláinte, cad is fiú reachtaíocht teanga a bheith ann a dúirt
@nuachainteoir
le
@mairinnighadhra
ar 7LÁ
Don tuairisc seo do Seacht Lá féachann
@omainnintomas
ar fhigiúirí an lae inniu ón
@POStaidrimh
& labhair sé le heagraíocht tacaíochta teanga i gceann don dá chontae Gaeltachta gur tháinig méadú ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge
#7L
Á
Teastaíonn córas pionóis anseo. Is léir go bhfuil an Stát, cuid den státseirbhís, go bhfuil comhlachtaí poiblí ag tabhairt neamháird iomlán ar an nGaeilge, ar lucht na Gaeilge agus muintir na Gaeltachta a dúirt
@Farrell_Mairead
le
@mairinnighadhra
Tá Meitheal Tithíochta bunaithe ag Comhlacht Forbartha na nDéise chun scéim tithíochta inacmhainne a fhorbairt.
Bíonn deacrachtaí ag pobal na háite tithe a fháil ina gceantar féin, & bíonn brú orthu a gceantar dúchais a fhágáil dá bharr.
@cfdeise
Tuairisc
@AMaoileoin
do 7LÁ
Is fuath, gráin agus an ciníochas atá taobh thiar do fheachtas an eite dheis sa tír seo faoi láthair a dúirt Dr Piaras Mac Éinrí
@pmaceinri
le
@mairinnighadhra
ar 7LÁ
I 1968, thosaigh gluaiseacht chearta sibhialta sa Tuaisceart mar gheall nach raibh Caitlicigh ag fáil cothrom na féinne agus go raibh idirdhealú á dhéanamh orthu i gcúrsaí tithíochta, fostaíochta agus vótála.
Bí linn do 7LÁ amárach ar
@TG4TV
ag 19:30
Mar bhallstát an tAontas Eorpach tá sé de cheart againn ár dteanga féin a bheith ar chomhchéim lena teangacha eile, mar sin tá sé de cheart ag aon saoránach Éireannach dul i dteagmháil leis an Aontas Eorpach & na hinstitiúidí ar fad i nGaeilge a dúirt
@moconchuir
ar 7LÁ
Ba chóir go mbeadh seirbhísí áirid ar fáil sa nGaeltacht, ionas gur féidir le muintir na Gaeltachta dul ann, labhairt i nGaeilge leo agus a gcuid oibre a dhéanamh ann a dúirt
@Farrell_Mairead
le
@mairinnighadhra