ainm_ie Profile Banner
Ainm.ie Profile
Ainm.ie

@ainm_ie

Followers
3K
Following
499
Media
721
Statuses
1K

Cuntais ar 1,823 duine a raibh baint acu le saol na Gaeilge ó 1560, bunaithe ar an tsraith leabhar, Beathaisnéis. Forbartha ag @gaois_ie @FiontarGaeilge (@DCU)

Fiontar & Scoil na Gaeilge,DCU
Joined January 2012
Don't wanna be here? Send us removal request.
@ainm_ie
Ainm.ie
1 month
Beathaí nua curtha le https://t.co/24A2lUnFgL Diarmuid Breathnach Máire Próinséas Ní Chatháin Jimmí Ó Cearra Seán Ó Dúnaighe Máirín Seoighe Micheál Ó Muircheartaigh Seán Ó Tuairisg Micheál Mac Gréil @CloIarChonnacht Tuilleadh eolais: https://t.co/RvhClQ6UPW
0
7
6
@ainm_ie
Ainm.ie
2 days
Beatha na Seachtaine: Micheál Ó Muircheartaigh (1930–2024) Bhí sé ar dhuine de na tráchtairí spóirt ab fhearr, ní hamháin in Éirinn, ach ar domhan. I measc na leabhar a scríobh sé, tá From Dún Síon to Croke Park agus Micheál's GAA Odyssey. https://t.co/s4TGJNuvpq
0
2
4
@ainm_ie
Ainm.ie
9 days
Beatha na Seachtaine: Máirín Seoighe (1954–2022) Chaith sí formhór a saoil oibre i dtionscal na scannánaíochta agus na teilifíse. I measc na gclár agus na sraitheanna teilifíse a léirigh sí, tá Beannacht an fhómhair, Ceol Cois Locha agus Imircigh ban. https://t.co/Zv0CzUqNoj
0
1
2
@ainm_ie
Ainm.ie
15 days
Beatha na Seachtaine: Seán Ó Dúnaighe (1878-1965) Chaith Seán a shaol ag obair go dúthrachtach chun teanga agus cultúr dúchais na nGael a chur chun cinn. Foilsíodh trí leabhar leis - Plúr na Gaedhilge, Inghean an Ghearaltaigh agus An crann cuilinn. https://t.co/qKYxKCvQac
0
1
0
@ainm_ie
Ainm.ie
22 days
Beatha na Seachtaine: Jimmí Ó Cearra (1927–2020) Rugadh Jimmí i gClochar an Locha, an Lochán Beag, Cois Fharraige, Co. na Gaillimhe. Foilsíodh Seanchas Jimmí Chearra Chois Fharraige in 2010, an cnuasach scéalta is toirtiúla a tháinig ón gceantar. https://t.co/lXp9WhpVl1
0
1
1
@ainm_ie
Ainm.ie
30 days
Beatha na Seachtaine: Máire Próinséas Ní Chatháin (1936–2018) Is iomaí gradam agus scoláireacht a bhain Próinséas amach tráthanna éagsúla i rith a saoil. Ba mhórscoláire i réimse an Léinn Cheiltigh í a rugadh i mbaile Loch Garman. https://t.co/yCw3mEF3hr
0
2
3
@ainm_ie
Ainm.ie
1 month
Beatha na Seachtaine: Diarmuid Breathnach (1930–2023) Rugadh é i gCoill tSíomoin, Co. Chill Mhantáin. Ghnóthaigh sé móraitheantas lena chomhúdar, Máire Ní Mhurchú, as an tsraith iomráiteach Beathaisnéis 1-9 (1986-2007). https://t.co/FJneNEsIJ9
0
1
2
@ainm_ie
Ainm.ie
1 month
Beatha na Seachtaine: Aodán Mac Póilín (1948-2016) Rugadh é i mBéal Feirste ar an 11 Deireadh Fómhair 1948. Gníomhaí díograiseach teanga, ceannródaí cróga agus scoláire cumasach ab ea é. https://t.co/EsB6g3fUXk
0
5
12
@ainm_ie
Ainm.ie
2 months
Beatha na Seachtaine: Osborn Joseph Bergin (1873–1950) Rugadh an scoláire seo i gcathair Chorcaí. Chuir sé féin agus R.I. Best Lebor na hUidre i gcló in 1929. D'éag sé i mBaile Átha Cliath ar an 6 Deireadh Fómhair 1950. https://t.co/2f6hRJ8tkl
0
0
0
@ainm_ie
Ainm.ie
2 months
Grianghraf thuas de theach in Ard na Caithne, an ceantar inar tógadh Liam Budhlaeir. “An Bailiúchán Grianghraf, A015.18.00153” ó Dúchas © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD agus faoi cheadúnas CC BY-NC 4.0.
0
0
0
@ainm_ie
Ainm.ie
2 months
Beatha na Seachtaine: Liam Budhlaeir (1923-1995) Rugadh an t-iriseoir raidió seo ar an 28 Meán Fómhair 1923. Bhí cáil air i ngeall ar fheabhas a ghutha agus ar a dhícheallaí a bhí sé i dtaobh cheart na Gaeilge. https://t.co/c9fmmrpzwP
1
1
2
@ainm_ie
Ainm.ie
2 months
Beatha na Seachtaine: Liam Ó Briain (1888--1974) Rugadh é i mBaile Átha Cliath ar an 16 Meán Fómhair 1888. Bhí dlúthbhaint aige le Taibhdhearc na Gaillimhe mar rúnaí, stiúrthóir, iontaobhaí, scríbhneoir agus mar aisteoir. https://t.co/9GLlFLBQ8F
0
0
1
@ainm_ie
Ainm.ie
2 months
Beatha na Seachtaine: Ceallachán Mac Cárthaigh (1879-1968) Rugadh é i gClais an Aifrinn, Co. Chorcaí ar an 8 Meán Fómhair 1879. D'áitigh sé ar chomhairlí bailecheantair chathair Bhaile Átha Cliath scoláireachtaí Gaeltachta a chur ar fáil. https://t.co/Opye6GQvu9
0
0
0
@ainm_ie
Ainm.ie
3 months
Grianghraf thuas de theach i nDumha Locha, ceantar dúchais Mhairéad. “An Bailiúchán Grianghraf, A015.03.00136” ó Dúchas © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD agus faoi cheadúnas CC BY-NC 4.0. https://t.co/0moHC6eIuB
duchas.ie
Léiríonn na grianghraif sa bhailiúchán seo mórán gnéithe de shaol agus de chultúr na hÉireann le breis agus céad bliain anuas.
0
1
0
@ainm_ie
Ainm.ie
3 months
Beatha na Seachtaine: Mairéad Ní Ghacháin (1917-2005) Bhí an múinteoir seo ina príomhoide i Scoil Bhríde, ceann de na bunscoileanna ba Ghaelaí, lasmuigh den Ghaeltacht, nuair nárbh ann go fóill do na Gaelscoileanna. D'éag sí ar an 6 Meán Fómhair 2005. https://t.co/Ep6GGoB1LS
1
1
1
@ainm_ie
Ainm.ie
3 months
Grianghraf de thírdhreach Theilinn, Co. Dhún na nGall - ceantar dúchais Phádraig. 📷 "An Bailiúchán Grianghraf, A015.29.00255" ó Dúchas © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD agus faoi cheadúnas CC BY-NC 4.0 https://t.co/q4PAooJ6FG
duchas.ie
Léiríonn na grianghraif sa bhailiúchán seo mórán gnéithe de shaol agus de chultúr na hÉireann le breis agus céad bliain anuas.
0
0
0
@ainm_ie
Ainm.ie
3 months
Beatha na Seachtaine: Pádraig Mac Seáin (1895-1981) Rugadh é i dTeileann, Co. Dhún na nGall ar an 27 Lúnasa 1895. Cnuasach amhrán as a cheantar féin, idir cheol agus fhocail, maille le cuntas ar chúlra na n-amhrán, is ea Ceolta Theilinn (1973). https://t.co/aieFVO9mnu
1
1
0
@ainm_ie
Ainm.ie
3 months
Beatha na Seachtaine: Tomás Page (1889–1955) Rugadh é ar an Muileann gCearr ar an 24 Lúnasa 1889. Ceapadh é ina phríomhaistritheoir i dTithe an Oireachtais in 1943. Is é an saothar ar a mairfidh a cháil an litriú simplí caighdeánach. https://t.co/6XD6vxmDOi
0
0
3
@ainm_ie
Ainm.ie
3 months
Beatha na Seachtaine: Tom Bheartla Tom Ó Flaithbheartaigh (1926–2013) Rugadh é ar an Tulach Rua, Cois Fharraige, Co. na Gaillimhe ar an 15 Lúnasa 1926. Bhain sé duaiseanna éagsúla amach i gcomórtais scéalaíochta an Oireachtais. https://t.co/rh4k1WRrgs
0
1
0