MOLSCEAL Profile Banner
MOLSCÉAL Profile
MOLSCÉAL

@MOLSCEAL

Followers
9K
Following
17K
Media
3K
Statuses
8K

Molscéalta físe ó @TG4TV / Video Story Hub from #TG4 ☘️ Aip ar Android & iOS 📱https://t.co/4iBrq3wGge 🖥 Scéal agat? ➡️ [email protected] 📧

Galway, Ireland
Joined September 2009
Don't wanna be here? Send us removal request.
@MOLSCEAL
MOLSCÉAL
20 hours
Rinne Údarás na Gaeltachta ceiliúradh ar ghaiscí phobail na Gaeltachta ag Gradaim na Gaeltachta 2025 in Óstán Chois Fharraige le déanaí. Tugadh aitheantas do réimse leathan tograí atá ag cur le beocht eacnamaíoch, sóisialta agus cultúrtha na gceantar Gaeltachta.
0
1
5
@MOLSCEAL
MOLSCÉAL
3 days
Go raibh leaba i measc na naomh agat, a Phádraic 🕊️
@MOLSCEAL
MOLSCÉAL
4 years
Breathnaíonn Pádraic Ó Conaire siar ar na blianta a chaith sé féin mar imreoir peile agus labhraíonn sé faoina chuid oibre mar Chomhordaitheoir Clár na Cluichí Gaelacha agus mar Riarthóir Forbartha na gCluichí le hAcadamh Peile na Gaillimhe. @Galway_GAA @CGaelacha @NaomhAnna
0
2
9
@MOLSCEAL
MOLSCÉAL
4 days
Reachtálann Gaeilge Mhaigh Cuilinn ceardlann bácála go seachtainiúil i dTeach na Gaeilge. Tá muintir na háite ag foghlaim oidis bácála ó Mary Faherty, oideas do cháca na Nollag ina measc.
0
1
5
@MOLSCEAL
MOLSCÉAL
5 days
Is é seo an tríú bliain d'Fhéile Sean Nós Ard Mhacha Theas. Bhí scoth na gceoltóirí ann ó gach cearn den tír agus fuair Molscéal deis an lá a chaitheamh leo.
0
1
3
@MOLSCEAL
MOLSCÉAL
6 days
Tá albam úr eisithe ag beirt chairde, Liam Lonergan agus Aoife Nic Dhomhnaill, Mullach a tSí. Rinne an bheirt camchuairt ar fud na tíre le déanaí chun an albam a sheoladh.
0
3
9
@MOLSCEAL
MOLSCÉAL
6 days
Tá albam úr eisithe ag beirt chairde, Liam Lonergan agus Aoife Nic Dhomhnaill, Mullach a tSí. Rinne an bheirt camchuairt ar fud na tíre le déanaí chun an albam a sheoladh.
0
3
9
@MOLSCEAL
MOLSCÉAL
7 days
Is compántas léiriúcháin dátheangach é Cois Laoi Productions, atá lonnaithe i gcathair Chorcaí. Cuirfidh siad an gheamaireacht úrnua "Hercules agus an Bradán Feasa" le hAntóin Ó Dúllaing ar stáitse ón 10ú go dtí an 20ú Nollaig sa Cork Arts Theatre.
0
2
11
@MOLSCEAL
MOLSCÉAL
7 days
Draíocht na Gaeltachta - taispeántas grianghrafadóireachta ó 2005 a bhí i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Pictiúir a tarraingíodh i gceantair Ghaeltachta atá sa taispeántas.
1
0
4
@MOLSCEAL
MOLSCÉAL
8 days
Bhí oíche mhór ceoil i bparóiste Anagaire i nDún na nGall le hairgead a bhailiú don Flotilla a bhí ag déanamh a bhealach go dtí an Phalaistín ar na mallaibh.
1
1
9
@MOLSCEAL
MOLSCÉAL
12 days
Bhí an gabhar a róstadh i gCúil Aodha an deireadh seachtaine seo caite le haghaidh Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin 2025! Bhí deireadh seachtaine den scoth ann, agus an baile beo le hamhráin, rince, ceol agus comhluadar.
0
5
12
@RebelDevil71
Daragh Ó Conchúir
13 days
The Daragj dichotomy in all it's glory. Mo scéal ar @MOLSCEAL .glGoraibh maith agat RoseAnn agus Catherine
@MOLSCEAL
MOLSCÉAL
13 days
Is iriseoir spóirt é Daragh Ó Conchúir a tógadh sa Rinn i gCo. Phort Láirge, áit inar imigh paisean spóirt a thuismitheoirí i bhfeidhm go mór air agus iad ag plé le cúnna agus capaill le linn a óige. Inniu oibríonn sé mar thráchtaire agus mar thuairisceoir.
1
1
2
@MOLSCEAL
MOLSCÉAL
13 days
#anláseo i 2008 Comóradh ar scéal Pheig Sayers Déanadh comóradh ar Pheig Sayers a fuair bás 50 bliain roimhe. Bhí clár imeachtaí beartaithe i nDún Chaoin don ócáid agus bhí togradh mór ealaíne curtha i gcrích ag leanaí an pharóiste.
0
5
14
@MOLSCEAL
MOLSCÉAL
13 days
Is iriseoir spóirt é Daragh Ó Conchúir a tógadh sa Rinn i gCo. Phort Láirge, áit inar imigh paisean spóirt a thuismitheoirí i bhfeidhm go mór air agus iad ag plé le cúnna agus capaill le linn a óige. Inniu oibríonn sé mar thráchtaire agus mar thuairisceoir.
0
1
6
@MOLSCEAL
MOLSCÉAL
13 days
#anláseo i 2008 Comóradh ar scéal Pheig Sayers Déanadh comóradh ar Pheig Sayers a fuair bás 50 bliain roimhe. Bhí clár imeachtaí beartaithe i nDún Chaoin don ócáid agus bhí togradh mór ealaíne curtha i gcrích ag leanaí an pharóiste.
0
5
14
@MOLSCEAL
MOLSCÉAL
14 days
"Ní féidir le héinne sinn a chiúnú anois" Bhailigh na mílte le chéile do 'CEARTA: Mórshiúl Náisiúnta na nGael' i mBaile Átha Cliath. Mháirseáil na sluaite ó Chearnóg Parnell go Teach Laighean don agóid.
0
6
12
@MOLSCEAL
MOLSCÉAL
15 days
Tá féile úr ealaíne tosaithe ag Craobh Bhaile Átha Cliath 7 darbh ainm Splanc! Bhí scoth na n-imeachtaí ar siúl thar an deireadh seachtaine, le céilí agus réabh ina measc.
0
4
6
@MOLSCEAL
MOLSCÉAL
18 days
#anláseo i 2007 Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin Bhí na hullmhúcháin faoi lán seoil d'Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin i nGaeltacht Mhúscraí nó Éigse Dhiarmuidín mar ab fhearr aithne.
0
4
11
@MOLSCEAL
MOLSCÉAL
19 days
Tá Cór Bhaile Mhúirne tar éis dlúthdhiosca álainn nua a thaifeadadh le déanaí le dosaen iomann i nGaeilge agus Laidin. Beidh an dlúthdhiosca le fáil sna siopaí timpeall Mhúscraí roimh an Nollaig.
0
5
14
@MOLSCEAL
MOLSCÉAL
20 days
In ainneoin go bhfuil na bóithre tuaithe in iarthar chontae Phort Láirge ag éirí níos dainséaraí agus níos gnóthaí le breis tráchta idir caranna agus busanna, níl mealltacht an rothair tar éis laghdú pioc. De réir dealraimh tá nós na rothaíochta i measc an phobail ag méadú.
0
1
2
@MOLSCEAL
MOLSCÉAL
21 days
Tá albam úr seolta ag an flúiteadóir mór le rá Frances Morton ó Ghlaschú ach atá ina cónaí i nGaoth Dobhair anois. Is in ómós dá hathair nach maireann an t-albam úr seo ar a dtugtar 'Sliocht'.
0
5
11