ClubLeabhar.com
@ClubLeabhar
Followers
2K
Following
270
Media
150
Statuses
2K
Tá sé mar aidhm ag https://t.co/SRBViYr8re daoine in Éirinn agus i dtíortha eile ar fud an domhain a spreagadh chun a bheith ag léamh leabhar Gaeilge.
Éire
Joined February 2010
Déanann Rónán Mistéil tagairt don chaidreamh idir Réics Carló agus Brian – ar múnla é a fheictear i scéalta bleachtaireachta eile – ach a bhfuil fás agus forbairt tagtha air ón gcéad leabhar sa tsraith seo. An dtiocfá leis sin? Faigh do chóip féin 👉 https://t.co/NuMLA5vykJ
0
0
0
Cur síos ar an scéal Dúnmharú i bPáirc an Chrócaigh Labhraíonn Nóra Nic Con Ultaigh faoi scéalta Réics Carló. 📚 Faigh do chóip féin den leabhar ‘Dúnmharú i bPáirc an Chrócaigh’ anseo: https://t.co/NuMLA5vykJ
0
0
0
Luaigh Micheál íomhá ar leith a thagann chun cinn sa scéal agus an bunús a bhí ag an íomhá chéanna lena chur in iúl don léitheoir cé chomh coimhthíoch agus a bhí baile Thuama do mhuintir Chonamara ag an am in ainneoin nach bhfuil achar mór millteach eatarthu.
0
0
0
Nochtann Micheál a chuid tuairimí ar a chasta is a bhí cúrsaí creidimh agus cumhacht na hEaglaise agus an chaoi ar chuir sé an chastacht sin in iúl sa scéal. Ar thug tú féin suntas do na téamaí sin agus tú i mbun léitheoireachta? Faigh do chóip féin inniu!
0
0
0
Tugann Micheál léargas dúinn ar an gcaoi ar tháinig an scéal seo chuige agus an ról a bhí ag an dinnseanchas in insint an scéil chéanna. Ar thug tú féin suntas d’úsáid na logainmneacha síos tríd? 💭 Faigh do chóip féin den leabhar anseo https://t.co/3HnfoK6QJz
0
1
1
Feictear do Mhicheál gur beag atá idir reacaire agus príomhcharachtar an scéil. Ar thug tú féin aon difríocht eatarthu faoi deara? Faigh do chóip féin den leabhar anseo https://t.co/3HnfoK6QJz #clubleabhar #gaeilge #gaelchultúr #bookclub #irishbooks #loveleabhairghaeilge
0
0
1
Tugann an t-údar Micheál Ó Conghaile léargas dúinn faoina úrscéilín An Bhlaosc sa mBois. Faigh do chóip féin den leabhar anseo https://t.co/3HnfoK7oz7 #gaeilge #clubleabhar
0
0
1
Rinne @ismisejoe tagairt don stíl scríbhneoireachta spraíúil agus ghonta atá ag an údar agus don chaoi ar éirigh léi téamaí casta a phlé ar bhealach intuigthe don léitheoir. Cad é do bharúil féin air sin? 💭 Faigh do chóip féin den leabhar inniu ag https://t.co/ueN8eJ8a4Z 📚
0
0
0
Shíl Emma go gcuireann úrscéalta grafacha rud éigin breise le hinsint an scéil chun suáilceas agus dorchadas an scéil a chur in iúl don léitheoir. An aontófá féin leis sin? 💭 Faigh do chóip féin den leabhar inniu ag https://t.co/ueN8eJ8a4Z📚
#gaeilge #clubleabhar #heartstopper
0
0
0
Thaitin sé go mór le @ismisejoe an chaoi a bpléitear ceisteanna féiniúlachta agus mothúcháin an déagóra sa scéal seo. Ar thug tú féin an méid seo faoi deara agus tú i mbun léitheoireachta? Faigh do chóip féin den leabhar inniu ag https://t.co/lckf2TQaFT #gaeilge #heartstopper
0
0
0
Feictear d’Emma go bhfaigheann an léitheoir léargas níos fearr ar na carachtair sa dara scéal seo den tsraith Heartstopper i gcomparáid leis an gcéad scéal. An dtiocfá féin leis sin?❤️🩹 Faigh do chóip féin den leabhar inniu ag https://t.co/ueN8eJ8a4Z #gaeilge #clubleabhar
0
0
0
siopa.ie
Heartstopper 2
0
0
0
An mhí seo, labhair Seán le Emma Ní Chearúil, craoltóir agus cruthaitheoir, agus le Joe Simpson, taighdeoir teangeolaíochta in Ollscoil Mhá Nuad faoin úrscéal grafach Heartstopper 2 le Alice Oseman, a d’aistrigh Eoin McEvoy go Gaeilge. Faigh do chóip féin den leabhar inniu!⬇️
1
0
3
Bíodh is gur scéal diostóipeach atá san úrscéal seo, mhol @RealtanNiL an chaoi ar éirigh le greann dóite an scéil an léitheoir a choinneáil i mbun léitheoireachta ó chaibidil go caibidil. Céard a shíl tú féin den ghreann dóite ann?🧐 #clubleabhar #gaeilge #gaelchultúr
0
1
2
Feictear do @RealtanNiL gur scríbhneoir maith é an té a fhágann píosaí ar lár sa scéal chun na léitheoirí a chur ag machnamh ar na bearnaí sin agus gur éirigh le Colm Ó Ceallacháin é sin a dhéanamh leis an úrscéal seo. An aontaíonn tú leis sin?💭
0
3
1
Shíl @RealtanNiL go raibh tús agus deireadh an scéil níos láidre ná an lár. Bhí machnamh agus fealsúnacht ann ach thaitneodh sé níos fearr léi dá mbeadh níos mó aicsin ann. 💭 An dtiocfá leis an méid sin?🎤 #clubleabhar #gaeilge #gaelchultúr #bookclub #irishbooks
0
1
0
Ní raibh @realtanleannain róthógtha leis an gcur síos ar na mná sa scéal, ach gur éirigh leis an údar an-chur síos a dhéanamh ar Chaoimhín féin – príomhcharachtar an scéil. An dtiocfá féin leis sin?💭💭📚📚 #clubleabhar #gaeilge #gaelchultúr #bookclub #irishbooks
1
0
1
Tugann @realtanleannain léargas dúinn ar imeachtaí an úrscéil ‘Fiche’ le Colm Ó Ceallacháin agus a thráthúla is atá sé i gcomhthéacs na linne seo. 🌍 Faigh do chóip féin den leabhar anseo https://t.co/fRulth1pQc
#clubleabhar #gaeilge #gaelchultúr #bookclub #irishbooks
1
3
3